91Թ

ID FÓGRA 257595

Múinteoir Oideachais Speisialta

.

Gaelscoil Ruairí

Campas Oideachais Nua
Bóthar an Mhaigh gCláir
Maigh Nuad
W23V29H
.

ʸÍѱ᳧᰿鴡Í

á岹:
Ҳídz󲹳
𾱲é:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Déar Meith 25 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Déar Iúil 9 2026
Dáta Tosaithe:
Déar Lún 27 2026
Stádas an Phoist:
Téarma Seasta
Líon na bhFolúntas:
1
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth le Ranganna Speisialta
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
鲹Բú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
10
Rolla Reatha:
174
Scoil Droichead:
á
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Painéal Iarratasóirí:
Féadfar painéal inmheánach d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de thréimhse ama ar leith ón dáta a fhaomhfaidh an Bord an t-iarrthóir rathúil (ceithre mhí i gcás poist mhúinteora agus fad na scoilbhliana do phoist CRS).
Eolas Breise:
Is gaelscoil nuabhunaithe, ilchreidmheach í Gaelscoil Ruairí atá lonnaithe i Maigh Nuad (W23V29H). Is é An Foras Pátrúnachta patrún na scoile. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2019. á an-éileamh ar an scoil agus tá sí ag fás go suntasach bliain i ndiaidh bliana. Osclaíodh rang uathachais sa scoil i 2023 chomh maith. Beidh ár gcéad R6 againn i mbliana.

Ní mór do na hiarratasóirí a bheith feasach gur poist iad seo i scoil nua agus bheadh solúbthacht riachtanach do na poist seo. Is deis den scoth é seo do na hiarratasóirí cearta, róil iontach gníomhach a ghlacadh i nGaelscoil ilchreidmheach nua le béim ar ardchaighdeán oideachais a chur ar fáil do pháistí i suíomh comhoibritheach, oscailte agus tacúil.

Is buntáiste aon cheann de na buanna seo a bheith ag iarratasóir: 3ú teanga, spórt, ceol, rince, dramaíocht agus ardscileannna ríomhaireachta. Bheadh taithí múinteoireachta i nGaelscoil ina bhuntáiste chomh maith le heolas faoi mhúinteoireacht oideachais speisialta.

Déanfar painéal d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú as a dhéanfadh folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse 4 mhí ó dháta na n-agallamh.

á sé phost san iomlán againn i mbliana; ceithre phost buan, post forbartha agus an post bliana seo mar mhúinteoir oideachais speisialta go dtí an 31 Lúnasa 2027.

Beidh ár scoil ag bogadh isteach i bhfoirgneamh buan le linn na scoilbhliana 2026/27 agus tá gach duine ar bís faoin mbogadh seo!

á ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa riachtanach do na poist ar fad. Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin trí ríomhphost a sheoladh chuig iarratais2026@gaelscoilruairi.ie
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • ídzDz
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20527F
Contae:
Cill Dara
Suíomh Gréasáin:
Tuilleadh Eolais:

COMHROINN AN FÓGRA SEO